Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi bhás fir os cionn 40 bliain d'aois i dteach in Inis Córthaidh, Co Loch Garman, aréir.

Tuigtear gur de bharr a sháite a bhásaigh sé. 

Tháinig na Gardaí ar an bhfear agus é gortaithe go dona sa teach in eastát Shruthán na Cluana ar chiumhais thiar an bhaile ag thart ar mheánoíche. D'éag sé ar an láthair go luath ina dhiaidh sin. 

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar chorp an fhir níos deireanaí inniu.

Tá fear os cionn 40 bliain á cheistiú ag na Gardaí i mbaile Loch Garman faoin eachtra.